Tairgeann Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Luain Cúrsaí Fáilteachais atá Saor in Aisce nó Maoinithe i bPáirt

Tugtar Aghaidh i gCúrsaí Springboard ar an nGanntanas Saothair i dTionscal Fáilteachais na hÉireann

Mar an t-aon soláthraí d’oideachas fáilteachais agus turasóireachta i Réigiún Lár na Tíre, tá Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Luain ag cuidiú le haghaidh a thabhairt ar an easpa scileanna san earnáil trí oiliúint ardchaighdeáin a chur ar fáil do chócairí, do bhaill foirne bainistíochta beár agus óstán amach anseo a rachaidh ar aghaidh le hoibriú i gcuid de na hóstáin agus na bialanna is fearr sa tír.

Tá an rogha á tairiscint i mbliana ag an institiúid a bhfuil duaiseanna iomadúla buaite aici clárú i dtrí chlár fáilteachais agus caitheamh aimsire atá maoinithe ag Springboard, lena n-áirítear Teastas i Scileanna Cócaireachta, Teastas in Oibríochtaí Bia agus Deochanna agus Baitsiléir Ealaíon (Onóracha) sna hEalaíona Cócaireachta.

Ceapadh gach ceann de na cláir sin lena bhfuil creidiúnú náisiúnta le haghaidh a thabhairt ar riachtanais reatha agus amach anseo an tionscail i Lár na Tíre agus cuirtear i láthair leo deis uathúil d’fhoghlaimeoirí chun leas a bhaint as uas-sciliú nó athsciliú atá saor in aisce nó atá fóirdheonaithe go mór. Le linn na gclár solúbtha sin, tabharfar na scileanna agus na hinniúlachtaí d’fhoghlaimeoirí a theastaíonn lena ngairm a thosú nó a chur chun cinn sa tionscal fáilteachais atá ag fás go gasta.

Bhí níos mór turasóireachta in Éirinn anuraidh ná bhí riamh agus níos mó ná 10.6 milliún duine ag tabhairt cuairt uirthi ó áiteanna thar lear - arb ionann sin agus méadú 6.7% i gcomparáid le 2017. Bhí cruthú suntasach post laistigh den tionscal mar thoradh ar an éileamh méadaithe sin. Faoi 2021, beidh os cionn 40,000 post fáilteachais agus turasóireachta úr cruthaithe agus beidh céimithe de dhíth chun iad a líonadh.

Ar an leibhéal náisiúnta, fostaítear níos mo ná 250,000 duine san earnáil fáilteachais agus turasóireachta agus mar sin is í ceann de na fostóirí dúchasacha is mó sa tír. Tá sé scaipeadh ar bhonn réigiúnach chomh maith, rud a chiallaíonn cibé an bhfuil cónaí ar dhuine éigin i mBaile Átha Luain, Dún na nGall nó Ciarraí, beidh poist sa réigiún – tá bialanna agus óstáin i ngach ceantar a bhfuil cócairí cáilithe, foireann beáir agus bainisteoirí óstáin de dhíth orthu.

I Lár na Tíre, tá 8,400 fostaithe sa tionscal fáilteachais agus turasóireachta, líon atá ag méadú bliain ar bhliain de dheasca tionscnaimh spreagtha turasóireachta amhail Ireland’s Hidden Heartlands agus Ireland’s Ancient East. Táthar ag súil go dtiocfadh méadú go dtí beagnach 10,000 ar an líon sin le hoscailt Centre Parcs i gContae Longfoirt - an fhorbairt turasóireachta príobháidí is mó sa stát riamh.

Tá céimithe beo-intinneacha agus solúbtha a bhfuil an-mheas orthu á soláthar ag Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Luain, lena cur chuige ceannródaíoch tionscal-dírithe maidir leis an oideachas. Baineann a mic léinn fáilteachais, turasóireachta agus caitheamh aimsire tairbhe as sainfhoireann léachtóireachta agus is féidir leo leas a bhaint as deiseanna le páirt a ghlacadh i gcuairteanna allamuigh ar bhialanna le réalta Michelin, óstáin 5 réalta agus turas allamuigh roghnach fiú ar an Malaeisia in 2020.

Tá cláir Springboard+ agus Scileanna TFC saor in aisce do dhaoine atá dífhostaithe, do dhaoine a bhí féinfhostaithe roimhe seo agus do dhaoine ag filleadh ar an lucht oibre. Tá cláir saor in aisce ann do dhaoine atá ag obair chomh maith ar chláir an Chreata Náisiúnta Cáilíochtaí Leibhéal 6. Do rannpháirtithe fostaithe ar chláir an Chreata Náisiúnta Cáilíochtaí Leibhéal 7 – 9, tá 90% de tháille an chúrsa maoinithe ag an Rialtas, agus ní chaithfidh na rannpháirtithe ach 10% den táille a íoc.

Tá na sonraí iomlána maidir le cláir Springboard+ ar fáil ag www.ait.ie/springboard. Beidh oíche faisnéise ar siúl ag Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Luain maidir Springboard+ agus scileanna TFC Dé Céadaoin, an 4 Meán Fómhair i mBaile Átha Luain agus Dé hAoine, an 6 Meán Fómhair i bPort Laoise, ina dtabharfar deis d’iarratasóirí ionchasacha buaileadh le baill foirne agus ceisteanna a chur.

Download Hi-Res Image for Tairgeann Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Luain Cúrsaí Fáilteachais atá Saor in Aisce nó Maoinithe i bPáirt

Share This News Story