Tá MSc faoi Thionchar an Tionscail in Anailísíocht Sonraí ag Dúnadh an Easnamh Scileanna in Éirinn

Tá Anailísíocht Sonraí ar cheann den bheagán réimsí ina bhfuil an t-éileamh ar chéimithe níos mó ná an soláthar...

Tá geilleagar digiteach an lae inniu tréithrithe ag glúin agus tráchtearrú príomhshócmhainne doláimhsithe amháin - sonraí Gach soicind, táirgtear méideanna ollmhóra sonraí trí réimse leathan gléasanna nasctha, idir fhóin phóca agus carranna cliste agus feistí leighis. Feidhmíonn na gléasanna sin mar bhealach lenar féidir léargas fíorspéisiúil a fháil ar iompar an duine a nochtadh. Tá sé ag éirí níos tábhachtaí i gcónaí d’eagraíochtaí agus do ghnólachtaí a úsáideann teicnící bailithe sonraí ar scála leathana ciall a bhaint as na sonraí seo mar bhealach chun buntáistí straitéiseacha agus iomaíocha a bhaint amach sa spás fógraíochta ar líne.

Cé go dtagann prionsabail na hanailísíochta sonraí chun cinn as réimse na heolaíochta ríomhaireachta agus na matamaitice, níltear ach ag tosú ag fáil tuiscint anois ar réimse na n-úsáidí ar féidir á bhaint aisti. “Tá ré na Mórshonraí tréithrithe ní hamháin leis an  méid sonraí ach leis an bhfíor-luas lena ngintear iad. Tá ciall as bhaint as na sonraí sin agus luach a fháil astu ina phríomhscil san éileamh sa gheilleagar úr seode réir sonraí,” a dúirt Trevor Prendergast, ar ceann rannóg na cuntasaíochta agus na ríomhaireachta gnó é ag Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Luain.

Tá geilleagar sonraí an domhain ag fás ag ráta easpónantúil agus thart ar 2.5 cuintilliún beart sonraí á dtáirgeadh gach lá. Is cosúil go méadóidh an líon sin faoi dhó gach dhá bhliain le teacht chun cinn na dteicneolaíochtaí agus na ngléasanna úra atá spreagtha ag Dlí Moore. Chomh fada agus a bhaineann sé leis an Uasal Prendergast, ceapann sé go bhfuil sonraí níos luachmhaire ná ola mar gheall air sin. “Díreach amhail ola, caithfear sonraí a bhaint, a bheachtú agus a stóráil chun luach a ghiniúint ach neamhchosúil le hola, tionscnaíonn sonraí ó réimse mór foinsí, aisteach go leor. Cuirtear an t-aicsím, socraítear luach de réir ganntanais, bunoscionn dá réir sin. I ngeilleagar an líonra dhigitigh, socraítear luach de réir eacnamaíocht na flúirse ina ionad sin,” a mhínigh sé,

Tá an t-éileamh ar chéimithe cuícháilithe ag ardú as cuimse sa bhaile agus thar lear a mhéid is go bhfuil Anailísíocht Sonraí ar cheann de na réimsí ina bhfuil an t-éileamh ar chéimithe níos mó ná an soláthar. Tá cuspóir sonraithe ag Rialtas na hÉireann Éire a shuí mar Chaipiteal Mórshonraí na hEorpa, arb é an aidhm chinnte leis sin deiseanna suntasacha fostaíochta a chruthú. Tá méadú ag teacht ar bhonn idirnáisiúnta chomh maith ar Anailísíocht Sonraí agus táthar ag súil le héileamh tuartha 28% faoi 2020. Léiríodh i dtuarascáil le déanaí a rinne an Sainghrúpa ar Riachtanais Scileanna Amach Anseo go bhfuil ganntanas tromchúiseach de chéimithe Anailísíochta Sonraí in Éirinn, rud atá aisteach nuair a chuireann tú san áireamh gurb ionann an tuarascáil tosaigh d’Anailísithe Sonraí in Éirinn agus €44,758 ar an meán.

Chun aghaidh a thabhairt ar an easnamh scileanna sin, d’fhorbair Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Luain clár comhaimseartha máistreachta tionscal-dírithe atá ceaptha chun na scileanna agus na hinniúlachtaí a thabhairt do na mic léinn a theastaíonn chun barr feabhais a bhaint amach sa réimse Mórshonraí agus Anailísíochta Sonraí atá ag teacht chun cinn. Leis an gclár páirtaimseartha dhá bhliain seo cuirfear raon scileanna agus bogearraí i láthair na mac léinn sna réimse um ionramháil agus bainistíocht sonraí, teicnící chun na sonraí sin a bhainistiú, agus ar deireadh modheolaíochtaí anailísíochta a mbeifí ábalta léargas fiúntach a bhaint as tacair shonraí mhóra leo.

“Tá Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Luain breá ábalta fostaithe ó chúlraí teicniúla agus neamhtheicniula a uas-sciliú a mbíonn róil acu a d’fhorbair go ciall a bhaint as méideanna móra sonraí.  Tá an clár ceaptha go sonrach agus solúbthacht á cur san áireamh, i gcás gur féidir cothromaíocht réasúnta idir foghlaim, obair agus saol teaghlaigh a choinneáil. Tá réimse baill foirne cháilithe againn, ar fud líon disciplíní éagsúla, a bhfuil taithí acu ar thaighde agus ar fhorbairt sa réimse anailísíochta sonraí,” arsa an tUasal Prendergast.

Ag tosú in Eanáir 2019, tá an MSc san Anailísíocht Sonraí oscailte do chéimithe ó raon leathan disciplíní gaolmhara lena n-áirítear iad siúd a bhfuil cúlra Innealtóireachta, Eolaíochta agus Gnó acu. Soláthraítear na ranganna ar líne, agus óstáiltear ceardlann ó am go chéile ar an gcampas in Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Luain.

Tríd an gclár forbróidh mic léinn a scileanna i réimsí lena n-áirítear teicneolaíochtaí bunachar sonraí, ionramháil sonraí, lena n-áirítear SQL agus an teanga ríomhchlárúcháin R agus ríomhchlárú do Mhórshonraí, staitisticí agus dóchúlachtaí agus léirmhíniú sonraí. Beidh ar a mic léinn chomh maith tionscadal um anailísíocht phraiticiúil sonraí agus tráchtas gaolmhar a dhéanamh.  Is é an sprioc dheiridh leis an gclár cleachtóirí atá eolach ar shonraí a chur ar fáil don tionscal a bheidh ábalta léargas foghlama a fháil as méideanna móra sonraí chun críche cinnteoireacht oibriúcháin agus straitéiseach.

Chun tuilleadh eolais a fháil déan teagmháil le Trevor Prendergast - ríomhphost: tprendergast@ait.ie nó guthán: (090) 647 1857. Le haghaidh tuilleadh eolais tabhair cuairt ar: https://www.ait.ie/courses/mscdapt

Download Hi-Res Image for Tá MSc faoi Thionchar an Tionscail in Anailísíocht Sonraí ag Dúnadh an Easnamh Scileanna in Éirinn

Share This News Story