AIT SURE Network local organising committee: Dr Anne Friel, Dr Don Faller, Ms Treacy McIntyre, Dr Anne Maire O’Brien, Dr Gary Stack.

SURE ‘An Chomhpháirtíocht Acadúil is Fearr’ ag na Gradaim Náisiúnta Oideachais 2019

Fuair chéad líonra acadúil na hÉireann atá tiomanta do thaighde STEM a chur chun cinn ar fud earnáil an ardoideachais teicneolaíochta duais mhór ag na Gradaim ghradamach Oideachais i nDroichead na Dothra, Baile Átha Cliath an tseachtain seo caite.

Bronnadh ‘An Chomhpháirtíocht Acadúil is Fearr’ ar Líonra Eispéireas Taighde Fochéime na hEolaíochta (SURE), ina bhfuil naoi n-institiúid teicneolaíochta, dá chuid oibre maidir le taighde fochéime a spreagadh trí sheachadadh ceardlann, comhdháil bhliantúil, forbairt curaclaim agus iris acadúil nuabhunaithe.

I gcatagóir na Comhpháirtíochta Acadúla is Fearr tugtar gradam i leith straitéisí agus tionscnaimh nuálacha, láidre agus chruthaitheacha a úsáidtear chun comhoibrithe éifeachtacha a chothú. Chun go n-éireoidh leo caithfidh na dámhachtaithe fianaise a chur ar fáil ar fheidhmíocht eisceachtúil laistigh de gach eagraíocht chomhpháirtíochta i gcoinne táscairí sonracha, amhail nuálaíocht, caighdeáin teagaisc agus taighde, agus eispéireas an mhic léinn.

Ag cur fáilte roimh an nuacht, dúirt an Dr Therese Montgomery, léachtóir i Rannóg Eolaíocht na Beatha agus na nEolaíochtaí Fisiceacha ag Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha: “Soláthraíonn Líonra SURE ardán iontach chun cáilíocht agus éagsúlacht taighde atá á dhéanamh agus á mhaoirsiú ar an leibhéal fochéime a thabhairt chun suntais ar fud earnáil an ardoideachais teicneolaíochta.”

Dúirt a comhghleacaí agus an comhalta comhlach, an Dr Anne Marie O’Brien, ar léachtóir í i dteannta leis an Dr Therese Montgomery i Rannóg Eolaíocht na Beatha agus na nEolaíochtaí Fisiceacha: “Tugann SURE an deis d’acadóirí óga uaillmhianacha a dtallann a léiriú, ní don saol acadúil agus don tionscal amháin, ach don phobal i gcoitinne chomh maith.”

Arna bhunú in 2017, tá Líonra SURE ina chuid de phobal institiúidí agus acadóirí a bhfuil suim acu feabhas a chur ar an gcleachtas sa taighde fochéime sna heolaíochtaí. Is cineál smachta é agus tá sé ailínithe leis an bhFóram Náisiúnta um Fheabhsú Múinteoireachta agus Foghlama san Ardoideachas. Tá an Líonra faoi stiúir Ciarán O’Leary, Ceann na Forbartha Foghlama sa Choláiste Eolaíochtaí agus Sláinte, OT Bhaile Átha Cliath.

Ina chomhdháil thionscnaimh, a bhí comhordaithe ag an Dr Montgomery agus an Dr O’Brien thar ceann Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Luain, ar siúl ag an am céanna i dtrí láithreán Líonra SURE – Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Luain, OT Bhaile Átha Cliath agus Institiúid Teicneolaíochta Phort Láirge – i Meán Fómhair anuraidh agus d’fhreastail os cionn 500 mac léinn agus ball acadúil uirthi.

Agus comhghairdeas á thabhairt aige as a ngradam, dúirt an Dr Don Fuller, Déan Dhámh na hEolaíochta agus na Sláinte ag Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Luain: “Tá ról an-tábhachtach ag Líonra SURE maidir leis an taighde fochéime iontach atá á dhéanamh ar fud thírdhreach an ardoideachais teicneolaíochta a chur chun tosaigh. Tá an tionscnamh ceannródaíoch seo ríthábhachtach maidir le taighde STEM a chur chun cinn agus acadóirí óga a fhorbairt a fhaigheann taithí cur i láthair i dtimpeallacht thacúil agus spreagúil.

“Aithnítear leis an ngradam seo dúil láidir, obair chrua agus díograis bhaill uile choiste Líonra SURE, lena n-áirítear an Dr Therese Montgomery agus an Dr Ann Marie O’Brien dár gcuid féin, nach mbeifí é seo a dhéanamh murach iad.”

Tá sé beartaithe go mbeidh comhdháil Líonra SURE 2019 ar siúl an mhí Mheán Fómhair seo chugainn ar fud trí láithreán Líonra SURE ag an am céanna – IT Shligigh, IT Cheatharlach agus OT Bhaile Átha Cliath (campas Thamhlachta).  Mar thoradh ar rath chomhdháil na bliana seo, gan amhras beidh sé ina dháta tábhachtach i bhféilire na mac léinn fochéime.

Chun tuilleadh eolais a fháil, tabhair cuairt ar shuíomh gréasáin Líonra SURE: [url=http://sure-network.ie/about ]http://sure-network.ie/about [/url];

Download Hi-Res Image for SURE ‘An Chomhpháirtíocht Acadúil is Fearr’ ag na Gradaim Náisiúnta Oideachais 2019

Share This News Story