Alison Fagan, MSc Researcher in the Department of Nursing and Healthcare.

Na Rudaí is Féidir le Daoine atá in Aois a gCéid a Mhúineadh Dúinn faoi Fhadsaolaí agus Aosú

Cén fáth a bhfuil roinnt daoine ag maireachtáil i bhfad níos faide ná daoine eile, níos sláintiúla ná daoine eile agus conas is féidir linn aithris a dhéanamh orthu?

Ina chlub leithliseach tráth, tá méadú ollmhór tagtha ar na daoine a mhaireann lena mbreithlá céad bliana a cheiliúradh ar fud an domhain forbartha agus an domhain atá i mbéal forbartha araon - go dtí an pointe gurb iad daoine atá in aois a gcéid an déimeagracht is gasta fás anois ar fud an domhain. In Éirinn, tá méadú tobann tagtha ar na daoine in aois a gcéid - ag méadú 20% i gceithre bliana díreach. Táthar ag súil go dtiocfaidh méadú faoi 10 ar an líon sin, arb ionann é anois agus 456, faoi 2050. Faoi chasadh an chéad chéid eile, tá sé measta go mbeidh níos mó ná 25 milliún duine in aois a gcéid ag maireachtáil ar fud an domhain.

Leis an bhfeiniméan iontach sin a d’fhéadfadh a bheith mar gheall ar, i bpáirt, chur chun cinn sa chúram sláinte, teicneolaíocht, dálaí maireachtála agus geilleagair fheabhsaithe, creideann Alison Fagan, taighdeoir MSc sa Rannóg Altranais agus Cúram Sláinte ag Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Luain, go mbaineann i bhfad níos mó le fíor-fhadsaolaí ná mar a cheapfá. “Tá sé measta le fada an lae go bhfuil daoine in aois a gcéid ina n-eiseamláirí d’aosú rathúil. Bhí mé ag iarraidh a fháil amach cad a rinne siad, thar an ngnáthrud, lena saolréanna a shíneadh,” arsa sí. Faoi mhaoirseacht an Dr Mary McDonnell Naughton agus Lorraine Gaffney, an bheirt acu ina léachtóirí i nDámh na hEolaíochta agus na Sláinte, thosaigh Alison ag lorg sampláil de dhaoine in aois a gcéid in Éirinn agus ag cur agallaimh orthu. Sula i bhfad tháinig sí ar réimse tosca síceasóisialta a mbaineann tionchar dochreidte láidir leo ar phróiseas an aosaithe.

Uaigneas: marfóir ciúin

Ba é an chéad chosúlacht a tháinig chun cinn óna taighde an tábhacht a bhaineann le ceangal sóisialta agus dlúthcheangail a bheith agat le cairde, leis an teaghlach agus leis an bpobal i gcoitinne. “Nílim ag caint faoi an dóigh a ndéanfaimis an ceangal sóisialta inniu a rangú – d’fhéadfainn a rá go bhfuilim ceangailte go maith ón taobh sóisialta de mar go bhfuil 700 cairde agam ar Facebook agus go bhfuil dúil ag 300 duine i mo leathanach Instagram – ach sin domhan coimhthíoch dóibhsean. Is ag labhair faoi cheangail fhíor-ama atá siad, idirghníomhú aghaidh le haghaidh leis an daoine thart orthu,” a dúirt sí. “Sa saol nua-aimseartha, ina bhfuil an chuma air go bhfuil daoine níos ‘ceangailte’ ná riamh, is dícheangailte go hiomlán atá muid - is íoróin chruálach é agus rud a bhfuil mé ag éirí níos eolaí faoi ó thosaigh mé ar an taighde seo. Ag breathnú thart ar shiopa caife ar bith feicfidh tú daoine ina suí le chéile i ngrúpaí agus neamhaird iomlán á tabhairt acu ar a chéile – gach duine díobh gafa ina bhfóin”

Is fadhb an-láidir ar fad é uaigneas agus dícheangal sóisialta a théann i gcion ar gach aicme den tsochaí. Meastar go bhfuil mná Éireannacha idir 65 agus 85 i mbaol go mór go ndruidfeadh siad isteach iontu féin i ndiaidh dóibh éirí as nó i ndiaidh céile a chailleadh. Idir an dá linn, ar an taobh eile den scála, tá dúlagar agus imní ar níos mó daoine óga idir 16 agus 24 bliain d’aois ná bhí riamh agus níos mó ná 10% dóibh ag tuairisciú go mbíonn siad uaigneach go minic nó i gcónaí. “Tá an t-uaigneas níos measa do do shláinte ná caitheamh tobac, is marfóir ciúin é. Caithfimid éisteacht leis na daoine atá in aois a gcéid atá ag iarraidh orainn ár gcaidreamh sóisialta a fhorbairt agus ár bhfóin a chur síos agus labhairt le chéile i ndáiríre,” arsa Alison.

Féinniúlacht a choimeád: caitheamh aimsire, spriocanna agus róil

Bhí sé ríthábhachtach do na daoine in aois a gcéid iad féin a choinneáil gníomhach agus “caitheamh aimsire, spriocanna agus róil” a choinneáil. Go minic, lean siad le caitheamh aimsire, amhail damhsa, óna n-óige go dtí go raibh siad ina n-aosaigh. Chuimhnigh sí ar a céad teagmháil le duine de na rannpháirtithe is sine sa staidéar – a fear beoga 106 bliain d’aois a raibh luí aige sa gharraíodóireacht. “Tháinig mé go dtí an teach agus chonaic mé fear ag dul thart ina ghairdín ar lomaire marcaíochta. Agus mé ag glacadh leis gurbh a mhac a bhí ann, chuir mé mo féin in aithne agus chuir mé ceist air an dtiocfaidh liom labhairt lena athair. Thosaigh sé ag gáire, phreab sé den lomaire léana le mo lámh a chrochadh. Go gairid ina dhiaidh sin, fuair Alison amach go bhfuil ceadúnas tiomána gníomhach fós ag an bhfear céanna sin agus go dtiomáineann sé chuig an Aifreann gach Domhnach le buaileadh lena chairde.

Bhí iontas uirthi chomh maith le chomh páirteach is a bhí na daoine in aois a gcéid faoi cad a bhí ag tarlú san domhan thart orthu ar mhicrileibhéal agus ar mhaicrileibhéal araon. Bhí tuairim ag gach duine acu faoi na scéalta móra a bhí ar an nuacht ag an am, go háirithe #MeToo agus #Repealthe8th, agus bhí siad meáite ar ról gníomhach a ghlacadh sa chúis phoiblí. “Mar altra oilte ag obair sa i gcúram na sean, feicim othair go minic ar an taobh eile den speictream – daoine scothaosta a chúb isteach iontu féin toisc go mothaíonn siad nach bhfuil duine ar bith ag iarraidh éisteacht lena bhfuil á rá acu, cé go bhfuil na blianta taithí acu a rachadh chun tairbhe na sochaí,” a dúirt sí.

Athléimneacht agus cumhacht na dearfachta

Léirigh a lán de rannpháirtithe an staidéir claonadh i gcomhair athléimneachta - bua a thug trí amanna an-chrua iad. Bhí cuid díobh ina ndíleachtaí, bhí deacrachtaí ag cuid díobh ina saolta pósta agus fágadh iad ag tógáil páistí leo féin, agus níor phós cuid eile ach ar chor ar bith. Do Alison, níl raibh an chosúlacht san imeacht féin ach bhí sé sa dóigh ar dhéileáil siad leis: “Níor chuir buillí isteach nó amach orthu, dhéanadh siad beart nuair a theastaigh sé agus ní dhéanadh siad gearán faoi.” Thug sí roinnt samplaí starógacha, ceann ina dtugtar eolas faoin dóigh, nuair a d’éirigh duine d’fhir chéile duine de na mná tinne, ar ghlac sí an ról mar chúramóir lánaimseartha go dtí go mbeadh biseach air. “Rud atá níos dochreidte arís ná go bhfuil sé dhá bhliain níos sine ná í agus bhí sí 96 bliain d’aois ag an am,” a mhínigh sí. “Tá an cineál sin athléimneachta agus dearfachta ar chúrsaí an tsaoil spreagúil, is rud é ba cheart dúinn ar fad a bheith againn.”

Ag amharc ar an am atá le teacht

Agus níos mó agus ní mó daoine ag slánú 100 bliain d’aois agus níos sine, tá daoine Éireannacha in aois a gcéid ag tosú ag imirt tionchair ar an tsochaí ar leibhéal mór. Trí thaighde faoi bhonn eolais páirtithe leasmhara cosúil le taighde Alison, beidh na huirlisí ag an lucht déanta beartas chun pleanáil don todhchaí agus tacaíochtaí a chur i bhfeidhm chun freastal ar an éileamh atá ag méadú ar thithíocht, seirbhís, cúram leighis agus breithnithe don phinsean agus an aois oibrithe. “Is iad sin na comhráití ba chóir a bheith againn anois,” a dúirt sí. “Mar atá sé anois, tá córas an chúraim sláinte trína chéile. Ní imeoidh an fhadhb seo mar sin, éireoidh sé níos measa agus daonra na ndaoine in aois a gcéid ag méadú”.

Ag creidiúint go bhfuil cosc níos fearr ná leigheas, mhaíonn Alison go gcaithfear tuilleadh airgid a leithdháileadh ar chur chun cinn na sláinte agus oiliúint a chur ar dhaoine óga faoin dóigh le roghanna níos fearr a dhéanamh agus a bheith sláintiúil – rud atá neamhthipiciúil ar fud an domhain forbartha. “Ar an drochuair, tá claonadh againn déileáil le fadhbanna nuair a thiocfaidh siad chun cinn, ní iad a chosc ar an gcéad dul síos,” a dúirt sí. I measc rudaí eile is féidir a dhéanamh chun aosú rathúil a chur chun cinn tá daoine a spreagadh fanacht ina dtithe féin ar feadh tréimhse níos faide toisc go bhfuil sé cruthaithe go bhfuil aosú laistigh den phobal níos tairbhiúla agus níos cost-éifeachtúla. Molann sí do chomharsana buaileadh isteach ag na  daoine is mó atá i mbaol aonrú sóisialta – is é sin baintreacha fir agus daoine atá ina gcónaí i gceantair thuaithe.

“Is é an rud a bhfuil mé ag dul a leagan béim air, gur féidir linne, mar shochaí agus mar dhaoine aonair, foghlaim faoi dhaonra na ndaoine atá in aois a gcéid agus athruithe a dhéanamh anois díreach a rachaidh i gcion ar ár dturas isteach sa tseanaois agus a chuirfidh feabhas a chur ar ár bhfadsaolaí agus ár gcaighdeán beatha. Caithfimid éisteacht lenár ndaoine scothaosta agus a luach agus an meas atá tuillte acu a thabhairt dóibh,” a dúirt ar deireadh.

Download Hi-Res Image for Na Rudaí is Féidir le Daoine atá in Aois a gCéid a Mhúineadh Dúinn faoi Fhadsaolaí agus Aosú

Share This News Story