
Faigheann Mic Léinn na hEolaíochta Spóirt agus Sláinte Gradaim as Scoláireacht den Chéad Scoth
Aithníodh tríocha a haon mac léinn ar fud Rannóg na hEolaíochta Spóirt agus Sláinte in Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Luain as a ngnóthachtáil acadúil den chéad scoth an tseachtain seo ag searmanas bliantúil atá beartaithe chun mic léinn ardghnóthachála a cheiliúradh i gcuideachta a bpiaraí, a gcairde agus a dteaghlach.
I measc iad siúd a fuair moltaí as a scoláireacht bhí mic léinn ón mBaitsiléir Eolaíochta (Onóracha) san Eolaíocht Spóirt le Fiseolaíocht na hAclaíochta, ón mBaitsiléir Eolaíochta (Onóracha) sa Teiripe Lúthchleasach agus Athshlánaithe, ón mBaitsiléir Eolaíochta (Onóracha) sa Chothú agus Eolaíocht na Sláinte, agus ón mBaitsiléir Eolaíochta (Onóracha) i nGníomhaíocht Choirp agus Eolaíocht na Sláinte.
Le bheith incháilithe don ghradam, theastaigh ó na dámhachtaithe ar fad meán gráid carnach ard a bhaint amach le linn a rollaithe – níos mó ná 70% arb ionann é sin agus onóracha den chéad ghrád.
Dúirt an Dr Aoife Lane, ar ceann Rannóg na hEolaíochta Spóirt agus Sláinte í ag Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Luain, gur traidisiún tábhachtach é an rolla onóra lena n-aithnítear an leibhéal is airde gnóthachtála scoláireachta ar fud na mbliana staidéir agus gur léiriú é ar rannpháirtíocht agus eitic oibre na mac léinn agus rannchuidiú na dáimhe.
“Is dearbhú dearfach agus tábhachtach é sármhaitheas a aithint sa saol acadúil le linn shaolré mic léinn agus luach saothair a thabhairt ina leith do na mic léinn iad féin, don dámh agus go deimhin don institiúid i gcoitinne. Guímid rath leanúnach ar na mic léinn ina n-iarrachtaí acadúla agus tá súil againn go ndéanfar iad a dhreasú tuilleadh leis an aitheantas seo le leanúint ar aghaidh ag baint barr feabhais amach ina réimsí roghnaithe staidéir,” a dúirt sí.
Mhol Uachtarán Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Luain, an tOllamh Ciarán Ó Catháin na mic léinn ardghnóthachtála chomh maith as a scoláireacht den scoth agus a spreagadh iad le smaoineamh ar dhul le céim máistir trí thaighde nó PhD i ndiaidh dóibh a gcéim fochéime a bhaint amach.
Athdhearbhaigh sé tiomantas Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Luain do gach deis a thabhairt dá mic léinn le go n-éireoidh leo - agus ar deireadh rachmas leanúnach réigiún Lár na Tíre a chinntiú – dúirt sé leis na mic léinn go ndéanfadh an institiúid na táillí a tharscaoileadh dóibh siúd a bhfuil suim acu céim máistir trí thaighde nó PhD a bhaint amach agus go dtairgeadh sé comaoin bhliantúil dóibh lena gcostais a chúiteamh.
Institiúid bheoga, chomhaimseartha is ea Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Luain a shainítear le sármhaitheas acadúil sa teagasc, san fhoghlaim agus sa taighde. Tá rath suntasach bainte amach ag an institiúid le blianta beaga anuas, go háirithe as ‘Institiúid Teicneolaíochta na Bliana’ The Sunday Times a bhuachan in 2020, 2018 agus a bhuachan sa Dara hÁit in 2017. Tá an institiúid sa chéad áit chomh maith i dtábla sraithe oifigiúil na hÉireann maidir le taighde agus tá sí sa liosta den ‘25 Ollscoil is Fearr Feidhmiú ar domhan le haghaidh Taighde Idirdhisciplíneach’ de réir U-Multirank in 2018 agus 2019. Tá Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Luain rangaithe sa chéad áit as sásamh na mac léinn ar bhonn náisiúnta don séú bliain as a chéile agus a mic léinn ag rátáil a n-eispéireas oideachais agus mic léinn mar shármhaith.