Buann Céimithe Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Luain Duaiseanna Móra ag Comhdháil Náisiúnta Eolaíochta

Bronnadh duaiseanna móra ar chéimithe eolaíochta Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Luain ag comhdháil náisiúnta eolaíochta le déanaí a bhain go sonrach le taighde STEM a chur chun cinn i measc fochéimithe ar fud thírdhreach an ardoideachais teicneolaíochta.

Ainmníodh Carina Hardy as an Iarmhí, a bhain amach céim Baitsiléara san Eolaíochta (Onóracha) sa Tocsaineolaíocht le déanaí, mar an ‘Léiritheoir Ó Bhéal is Fearr’ ag an gcomhdháil náisiúnta um Eispéireas Taighde Fochéime na hEolaíochta (SURE) as a himscrúdú ar an ról atá ag tocsaineacht mhiteacoindreach i bhfrithghníomhuithe díobhálacha in aghaidh drugaí.

Sonraíodh taighde an Uasail Hardy, a bhí faoi mhaoirseacht an Dr Neasa Kinsella, léachtóir tocsaineolaí oirirce (atá ar scor anois) i Rannóg Eolaíocht na Beatha agus na nEolaíochtaí Fisiceacha, mar impleachtaí ‘a d’fhéadfadh a bheith ina himpleachtaí troma’ d’aimsiú agus d’fhorbairt drugaí amach anseo.

Bronnadh ceann de na duaiseanna sna chéad cheithre háit ag comhdháil SURE ar chéimí eile a bhain amach céime le déanaí, Emma Kane, as a himscrúdú ar iontógáil iaidín ban atá in aois toirchis.

Fuair Emma Kane, a raibh a taighde faoi mhaoirseacht an Dr Patricia Heavey, comhordaitheoir an chúrsa Baitsiléir Teicneolaíochta (Onóracha) in Eolaíocht na Sláinte agus Cothú in Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Luain, nach raibh a moladh cothaithe le haghaidh iaidín a bhaint amach ag go leor ban, in ainneoin go bhfuil sé riachtanach don tsláinte – go háirithe le linn toirchis.

D’fhéadfadh iontógáil íseal déiríochta agus an tóir mhéadaithe atá ar roghanna eile bainne agus aistí bia veigeánacha a bheith ina chúis leis sin, a dúirt sí. Bronnadh an ‘Dara háit sa Chur i Láthair Póstaeir is Fearr’ ar an gcéimí Baitsiléara in Eolaíocht na Sláinte agus Cothú as a hiarrachtaí.

Ina dhara bliain anois, is é comhdháil SURE a bhfuil an-rath air an chéad chomhdháil náisiúnta in Éirinn a bhaineann go sonrach le feabhas a chur ar shármhaitheas chleachtas, oiliúint agus thaighde na heolaíochta ar an leibhéal fochéime ar fud earnáil an ardoideachais teicneolaíochta.

Dar leis an Aire Stáit le Freagracht as an Ardoideachas, Mary Mitchell O’Conner, a d’fhreastail ar an gcomhdháil, “sampla iontach” is ea Líonra SURE de cad is féidir a bhaint amach nuair a oibríonn an earnáil le chéile chun taithí a chomhroinnt agus acmhainn a neartú.

Dúirt sí go raibh neart Líonra SURE mar gheall ar na comhpháirtíochtaí institiúideacha ar ar cruthaíodh é agus leag sí béim ar an tábhacht a bhaineann le leanúint le doimhneacht agus fairsing an taighde a dhéantar ar an leibhéal fochéime a thabhairt chun suntais.

Léirigh an tAire an t-aistriú atá ag tarlú ar fud na hearnála chomh maith agus agus iarratas ádhéanamh ag institiúidí teicneolaíochta le bheith ina n-ollscoileanna teicneolaíochta. Dúirt sí go gcreideann sí go gcuirfidh sé “deiseanna iontacha do thaighde agus do nuálaíocht” i láthair seo amach.

Dúirt an Dr Therese Montgomery, léachtóir i rannóg eolaíocht na beatha agus na n-eolaíochtaí fisiceacha ag Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Luain agus an cathaoirleach ar choiste náisiúnta Curaclaim SURE, an méid seo chomh maith: “Le SURE tugtar an deis do chéimithe le déanaí na príomhscileanna atá forbartha acu a thaispeáint trína dtionscadal taighde dá mbliain dheireanach, amhail anailís sonraí, smaointeoireacht chriticiúil, réiteach fadhbanna, scríbhneoireacht eolaíoch agus cumarsáid eolaíoch, a bhfuil an fhianaise ina leith á héileamh go comhsheasmhach ag fostóirí an tionscail agus fostóirí acadúla.

“Bunaithe ar rath chomhdhálacha na bliana seo, is léir go bhfuil taighde de cháilíocht ard go leor á ghiniúint ag mic léinn fochéime ar fud earnáil an oideachais teicneolaíochta chun tionchar a imirt ar shláinte an duine agus ar an gcomhshaol, rud a leagan síos na boinn do thionscnaimh um maoiniú agus foilsiú taighde amach anseo trí Iris Eispéireas Taighde Fochéime SURE.”

Dúirt an Dr Anne Marie O’Brien, ar léachtóir í i dteannta leis an an Dr Therese Montgomery i rannóg eolaíocht na beatha agus na n-eolaíochtaí fisiceacha ag Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Luain agus a chomheagraigh comhdháil thionscnaimh SURE anuraidh: “Liostaíodh scileanna cumarsáide agus litearthachta i dtuarascáil Ibec le déanaí i measc na dtréithe céime is tábhachtaí a lorgaíonn fostóirí. Taispeántas rath comhdhálacha SURE go bhfuil neart de na scileanna sin ag céimithe Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Luain.”

Roghnaíodh naoi gcéimí eile a bhain céim amach le déanaí in Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Luain lena dtaighde le haghaidh na bliana deireanaí a chur i láthair ag comhdháil SURE a bhí ar siúl ar fud trí ionad ag an am céanna – OT Bhaile Átha Cliath, IT Cheatharlach agus IT Shligigh.

Bhí an-éagsúlacht i dtopaicí na gcur i láthair, idir thocsaineacht breiseán coiteann bia, chobhsaíocht aspairíní, thionchar comhshaoil na dianfheirmeoireachta déiríochta, thionchar na cánach ar shiúcra, agus forbairt na gcóras núíosach seachadta d’aigéad folach, agus forbairt na dtástálacha núíosacha éicea-thocsaineolaíocha chun truailleáin uisce úir a bhrath.

Tá sé beartaithe go mbeidh comhdhálacha réigiúnacha Líonra SURE na bliana seo chugainn ar siúl in IT na Gaillimhe-Mhaigh Eo, IT Chorcaí agus OT Bhaile Átha Cliath ar an 25 Meán Fómhair, 2020.

Is féidir tuilleadh eolais faoi Líonra SURE, dar buadh ‘An Chomhpháirtíocht Oideachais is Fearr’ ag na duaiseanna Oideachais níos luaithe i mbliana, a fháil ag [url=http://sure-network.ie/]http://sure-network.ie/[/url].

Agus í ina lárionad cumhachta atá sainithe le tiomantas do shármhaitheas acadúil, tá Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Luain an-rathúil sa réimse acadúil, go háirithe as a bheith ainmnithe mar cheann den ‘25 Ollscoil is Fearr Feidhmiú’ ar domhan le haghaidh taighde idirdhisciplíneach de réir U-Multirank den dara bliain as a chéile. Agus a gaisce cáile á neartú tuilleadh aici, tá an aicmiú is airde fós ag an institiúid ar bhonn náisiúnta i Suirbhé na hÉireann ar Rannpháirtíocht Mac Léinn – 69% i gcoinne 29% meán náisiúnta. Leis an onóir sin baintear leas as rath na hinstitiúide maidir le gradam ‘Institiúid Teicneolaíochta na Bliana’ in 2018 agus gradam an Dara hÁite in 2017 Sunday Times Good University Guide a bhuachan.

Download Hi-Res Image for Buann Céimithe Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Luain Duaiseanna Móra ag Comhdháil Náisiúnta Eolaíochta

Share This News Story