Baineadh Mic Léinn Eolaíochtaí Sóisialta Bhaile Átha Luain Rolla Onóra Amach

Thionóil Rannóg na nEolaíochtaí Sóisialta in Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Luain searmanas liosta onóracha le déanaí lenar ceiliúradh rath acadúil a mac léinn ardghnóthachála.

Fuair caoga a cúig mac léinn ar cheithre chlár meánpointí gráid carntha de 70% – lena mbaintear amach an tairseach don gradam speisialta seo atá beartaithe chun aitheantas a thabhairt don sármhaitheas acadúil ar fud saolré an mhic léinn.

I measc iad siúd a fuair moltaí bhí mic léinn ón mBaitsiléir Eolaíochta (Onóracha) sa tSíceolaíocht Fheidhmithe, ón mBaitsiléir Ealaíon i gCleachtas an Chúraim Shóisialta, ón mBaitsiléir Ealaíon i gCúram agus Oideachas na Luath-Óige agus ón mBaitsiléir Ealaíon ón Staidéar Sóisialta Feidhmithe.

Dúirt an Dr Oliver Hegarty, ar ceann Rannóg na nEolaíochtaí Sóisialta ag Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Luain é go raibh an liosta onóracha “an-fhiúntach ar fad do na mic léinn” agus gur spreag sé na mic léinn chun sármhaitheas a bhaint amach ina réimse staidéir.   

“Nuair a sheolamar an tionscnamh in 2018, fuarthas freagairt thar a bheith dearfach ina leith ó bhaill foirne agus ó mhic léinn, araon. Dúirt na mic léinn a fuair an gradam anuraidh gur spreag sé iad chun ardleibhéal rannpháirtíochta acadúla agus tiomantais dá staidéar a choimeád lena chinntiú gur bhain siad an tairseach amach do liosta na bliana seo, agus dúirt na mic léinn ar theip orthu an gradam a fháil gurb é an liosta onóracha an spreagthach aonair is fearr chun feabhas a chur orthu féin ar bhonn acadúil”, a dúirt sé.

Ba é sin tuairim a d’athluaigh an Dr Don Faller, Déan Dhámh na hEolaíochta agus na Sláinte san institiúid, a dúirt go raibh súil aige go spreagfadh sé faighteoirí leis an leibhéal céanna tiomantais a choimeád ina staidéar le linn an chuid eile dá gcéimeanna.

Rinne an Dr Ashling Jackson, léachtóir sinsearach i Rannóg na nEolaíochtaí Sóisialta, comhghairdeas le faighteoirí an ghradaim chomh maith, ag rá gur “gnóthachtáil shuntasach” é. Tá searmanas an liosta onóracha ina chuid lárnach dár bhféilire acadúil anois agus soláthraíonn sé deis iontach chun gnóthacháil na mac léinn le linn shaolré an mhic léinn a cheiliúradh. Guím rath leanúnach ar gach mac léinn ina staidéar agus ina slite beatha”, arsa sí.

Bhí Uachtarán Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Luain, an tOllamh Ciarán Ó Catháin, i gceannas an searmanas, agus mhol sé an 55 mac léinn as a scoláireacht agus a spreagadh iad le smaoineamh ar dhul le taighde iarchéime nuair a chríochnóidh siad a gcéimeanna fochéime.

Agus tiomantas na hinstitiúide á athdhearbhú do sheans a thabhairt dá mic léinn go n-éireoidh leo- agus ar deireadh rachmas leanúnach réigiún Lár na Tíre a chinntiú – dúirt an tOllamh Ó Catháin le freastalaithe go gcuideodh an institiúid leo siúd a bhfuil suim acu Máistreacht Taighde nó PhD a bhaint amach trí tháillí a tharscaoileadh agus comaoin bhliantúil a thairiscint chun costais a chúiteamh.

Institiúid bheoga, chomhaimseartha is ea Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Luain a shainítear le sármhaitheas acadúil sa teagasc, san fhoghlaim agus sa taighde. Tá rath suntasach bainte amach ag an institiúid le blianta beaga anuas, go háirithe as ‘Institiúid Teicneolaíochta na Bliana’ The Sunday Times a bhuachan in 2020, 2018 agus a bhuachan sa Dara hÁit in 2017. Tá an institiúid sa chéad áit chomh maith i dtábla sraithe oifigiúil na hÉireann maidir le taighde agus liostaíodh í mar ‘25 Ollscoil is Fearr Feidhmiú U-Multirank ar domhan le haghaidh Taighde Idirdhisciplíneach’ in 2018 agus 2019. Rangaíodh Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Luain sa chéad áit as sásamh na mac léinn ar bhonn náisiúnta le haghaidh sé bliana as a chéile.

Download Hi-Res Image for Baineadh Mic Léinn Eolaíochtaí Sóisialta Bhaile Átha Luain Rolla Onóra Amach

Share This News Story